search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA cercato: '   foilseoidh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index    foilseoidh:

    CAIBIDIL I
    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    CAIBIDIL II
    GEATÓIRÍ

    CAIBIDIL III
    CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

    CAIBIDIL IV
    IMSCRÚDÚ MARGAIDH

    CAIBIDIL V
    CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas    foilseoidh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 408

 

Airteagal 4

Athbhreithniú ar stádas geatóirí

1.   Féadfaidh an Coimisiún ar iarraidh a fháil nó ar a thionscnamh féin, cinneadh faoi ainmniú a glacadh de bhun Airteagal 3 a athmheas, a leasú nó a aisghairm tráth ar bith ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)

tháinig athrú substaintiúil ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an t-ainmniú orthu;

(b)

bunaíodh an cinneadh ainmniúcháin ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach.

2.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta, agus gach 3 bliana ar a laghad, ar cé acu atá nó nach bhfuil na geatóirí ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1) go fóill. Leis an athbhreithniú sin, scrúdófar freisin an gá an liosta de chroísheirbhísí ardáin an gheatóra a fheidhmíonn ceann ar cheann mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), aleasú. Ní bheidh aon éifeacht fhionraitheach ag na hathbhreithnithe sin ar oibleagáidí an gheatóra.

Chomh maith leis sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú bliantúil ar a laghad ar cé acu a shásaíonn nó nach sásaíonn gnóthais nua a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige na ceanglais sin.

I gcás go gcinnfidh an Coimisiún, de bharr na n-athbhreithnithe de bhun na chéad fhomhíre, go bhfuil athrú tagtha ar na fíorais a raibh ainmniú na ngnóthas a bhí i mbun croísheirbhísí ardáin a sholáthar mar gheatóirí bunaithe orthu, glacfaidh sé cinneadh lena ndearbhófar, lena leasófar, nó lena n-aisghairfear an cinneadh ainmniúcháin.

3.   foilseoidh an Coimisiún liosta geatóirí agus liosta na gcroísheirbhísí ardáin nach mór dóibh na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil III a chomhlíonadh ina leith agus tabharfaidh sé na liostaí sin cothrom le dáta ar bhonn leanúnach.

CAIBIDIL III

CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

Airteagal 7

Oibleagáid do gheatóirí maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir

1.   I gcás go soláthraíonn geatóir seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), déanfaidh sé feidhmiúlachtaí bunúsacha a sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir idir-inoibritheach le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir ó sholáthraí eile a thairgeann nó a bhfuil sé i gceist aige seirbhísí den sórt sin a thairiscint san Aontas, trí na comhéadain theicniúla riachtanacha nó réitigh chomhchosúla a éascaíonn idir-inoibritheacht a sholáthar, ar iarraidh, agus sin a dhéanamh saor in aisce.

2.   Déanfaidh an geatóir ar a laghad na feidhmiúlachtaí seo a leanas dá dtagraítear i mír 1, idir-inoibritheach i gcás go soláthraíonn an geatóir féin na feidhmiúlachtaí sin dá úsáideoirí deiridh féin:

(a)

tar éis a liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9):

(i)

teachtaireachtaí téacs ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;

(ii)

íomhánna, teachtaireachtaí gutha, físeáin agus comhaid cheangailte eile a chomhroinnt trí chumarsáid ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí deiridh aonair.

(b)

laistigh de 2 bhliain ón ainmniú:

(i)

teachtaireachtaí téacs ó cheann go ceann idir grúpaí úsáideoirí aonair deiridh;

(ii)

íomhánna, teachtaireachtaí gutha, físeáin agus comhaid cheangailte eile a chomhroinnt trí chumarsáid ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir deiridh aonair;

(c)

laistigh de 4 bhliain ón ainmniú:

(i)

glaonna gutha ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;

(ii)

físghlaonna ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;

(iii)

glaonna gutha ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir aonair deiridh;

(iv)

físghlaonna ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir deiridh aonair.

3.   Caomhnófar an leibhéal slándála, lena n-áirítear an criptiú ó cheann go ceann, i gcás inarb infheidhme, a sholáthraíonn an geatóir dá úsáideoirí deiridh féin, ar fud na seirbhísí idir-inoibritheacha.

4.   foilseoidh an geatóir tairiscint tagartha ina leagfar síos sonraí teicniúla agus téarmaí agus coinníollacha ginearálta idir-inoibritheachta lena seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, lena n-áirítear na sonraí riachtanacha ar leibhéal na slándála agus an chriptithe ó cheann go ceann. Foilseoidh an geatóir an tairiscint tagartha sin laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 3(10) agus déanfaidh sé é a nuashonrú i gcás inar gá.

5.   Tar éis fhoilsiú na tairisceana tagartha de bhun mhír 4, féadfaidh aon soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá ag tairiscint nó a bhfuil sé i gceist aige seirbhísí den sórt sin a thairiscint san Aontas, féadfaidh sé idir-inoibritheacht a iarraidh leis na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir arna soláthar ag an ngeatóir. Féadfaidh iarraidh den sórt sin cuid de na feidhmiúlachtaí bunúsacha a liostaítear i mír 2 a chumhach, nó iad go léir. Comhlíonfaidh an geatóir iarraidh réasúnta ar bith ar idir-inoibritheacht laistigh de 3 mhí, tar éis dó an iarraidh sin a fháil, trí thús a chur le hoibriú na bhfeidhmiúlachtaí bunúsacha a iarraidh.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, go heisceachtúil, ar iarraidh réasúnta ón ngeatóir, na teorainneacha ama maidir le comhlíonadh faoi mhír 2 nó 5 i gcás ina léiríonn an geatóir go bhfuil gá leis seo chun idir-inoibritheacht éifeachtach a áirithiú, agus chun an leibhéal riachtanach slándála a choimeád, lena n-áirítear criptiú ó cheann go ceann, i gcás inarb infheidhme.

7.   Beidh sé de shaoirse i gcónaí ag úsáideoirí deiridh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir an gheatóra agus an tsoláthraí iarrthaigh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chinneadh cé acu a úsáidfidh siad na feidhmiúlachtaí bunúsacha idir-inoibritheacha a fhéadfaidh an geatóir a sholáthar de bhun mhír 1 nó nach n-úsáidfidh.

8.   Baileoidh an geatóir agus malartóidh sé leis an soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a dhéanann iarraidh ar idir-inoibritheacht sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh amháin i gcás go bhfuil siad fíor-riachtanach chun idir-inoibritheacht éifeachtach a sholáthar. Comhlíonfaidh bailiúchán agus malartú sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh den sórt sin Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE go hiomlán.

9.   Ní choiscfear ar an ngeatóir bearta a dhéanamh lena áirithiú go bhfuil soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá ag iarraidh idir-inoibritheachta ag cur shláine, shlándáil agus phríobháideachas a sheirbhísí i mbaol, ar choinníoll go bhfuil a leithéid de bhearta fíor-riachtanach agus comhréireach, agus go dtugann an geatóir údar cuí leo.

Airteagal 19

Imscrúdú margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua

1.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh féachaint ar cheart seirbhís amháin nó níos mó laistigh den earnáil dhigiteach a chur leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó chun cleachtas a bhrath, ar cleachtais iad a theorannaíonn inchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach agus nach dtugtar aghaidh go héifeachtach orthu leis an Rialachán seo. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon chinntí ábhartha ar imeachtaí faoi Airteagail 101 agus 102 CFAE maidir le margaí digiteacha mar aon le haon fhorbairtí ábhartha eile.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, agus imscrúdú margaidh á dhéanamh aige de bhun mhír 1, dul i gcomhairle le tríú páirtithe, lena n-áirítear úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh seirbhísí laistigh den earnáil dhigiteach atá faoi imscrúdú agus úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh atá faoi réir cleachtais atá faoi imscrúdú.

3.   foilseoidh an Coimisiún a thorthaí i dtuarascáil laistigh de 18 mí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a).

Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, i gcás inarb iomchuí, beidh an méid seo a leanas ag gabháil léi:

(a)

togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú chun seirbhísí breise laistigh den earnáil dhigiteach a chur san áireamh sa liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó chun oibleagáidí nua a chur san áireamh i gCaibidil III; nó

(b)

dréachtghníomh tarmligthe lena bhforlíontar an Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6, nó dréachtghníomh tarmligthe lena leasaítear nó lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7, mar a fhoráiltear in Airteagal 12.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú faoi phointe (a) den dara fomhír a mholadh seirbhísí atá ann cheana a bhaint de liosta na gcroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó na hoibleagáidí atá ann cheana a bhaint d’Airteagal 5, 6 nó 7.

CAIBIDIL V

CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN

Airteagal 35

Tuairisciú bliantúil

1.   Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus an dul chun cinn atá déanta i dtreo a chuspóirí a bhaint amach.

2.   Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

(a)

achoimre ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin lena n-áirítear aon bhearta nó cinntí a glacadh agus imscrúduithe margaidh leanúnacha i dtaca leis an Rialachán seo;

(b)

na torthaí ar an bhfaireachán a rinneadh ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a rinne na geatóirí;

(c)

measúnú ar an tuairisc arna hiniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 15;

(d)

forléargas ar an gcomhar idir an Coimisiún agus údaráis náisiúnta i dtaca leis an Rialachán seo;

(e)

forléargas ar na gníomhaíochtaí agus na cúraimí a rinne Grúpa Ardleibhéil na Rialtóirí Digiteacha, lena n-áirítear an chaoi a gcuirfear chun feidhme a chuid moltaí a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú an Rialacháin seo.

3.   foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 44

Cinntí a fhoilsiú

1.   foilseoidh an Coimisiún na cinntí a dhéanfaidh sé de bhun Airteagail 3 agus 4, Airteagal 8(2), Airteagail 9, 10, 16 go 20 agus 24, Airteagal 25(1), Airteagail 29, 30 agus 31. Luafar i bhfoilsiú den sórt sin ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionóis a forchuireadh.

2.   Tabharfar aird san fhoilsiú ar leas dlisteanach geatóirí nó tríú páirtithe maidir lena bhfaisnéis rúnda a chosaint.


whereas









keyboard_arrow_down